Fáilte go Baile Buadáin le Gaeilge. Táimid ag obair le 5 bliana anuas chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa chlub. Tá Meitheal Oibre na Gaeilge fíor láidir againn chun tabhairt faoin obair seo. Faighimidan-tacaíocht ó Ghlór na nGael, GAAGaeilge, Foras na Gaei lge agus Coiste Feidhmiúcháin an Chlub.
Bhuamar Bonn Airgid Fhondúireacht Sheosamh Mhic Dhonncha in 2021.
Tá Grúpa Whatsapp againn, Baile Buadáin le Gaeilge, chun daoine a choimeád ar an eolas faoi imeachtaí agus ranganna. Más mian leat bheith sa ghrúpa seo, cuir d’ainm is d’uimhir fóin chuig [email protected]
Bíonn ana chuid imeachtaí ar siúl againn i rith na bliana. Féach ar an tuarascáil is déanaí thíos.
Tá Plean Gaeilge 2023 – 2026 leagtha amach againn. Más mian leat bheith páirteach san fheachtas seo, cuir scéal chugam ar [email protected]
Beir Bua agus Beannacht
Séamie Ó Néill
Oifigeach na Gaeilge
087 4183504