Conradh na Gaeilge
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2

A chara,

Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte romhaibh tacú lenár mBailiúchán
Náisiúnta a bheidh ar siúl ar 16-18 Márta 2009 ar fud na tíre.

Is deis iontach í chun airgead a bhailiú do bhur gclub áitiúil & don
Ghaeilge fud fad na tíre.  Beidh sibh i dteideal 50% den airgead a
bhailíonn sibh a choimeád agus raghaidh an 50% eile ar aghaidh go
Ciste na Teanga de chuid Chonradh na Gaeilge.  Tá údarás faighte
againn ó na Gardaí Síochána a ligfear le bailiú in áiteanna poiblí.
Cuirfimid bunphacáiste bailiúcháin saor in aisce (postaeir & greamáin)
ar fáil daoibh.

Tá craobhacha ag Conradh na Gaeilge ar fud na tíre dar ndóigh, ach
beidh fáilte roimh chabhair na gclubanna den Chumann Lúthchleas Gael
in aon áit nach mbeidh bailiúchán eagraithe cheana féin ag craobh. Má
tá suim agaibh páirt a ghlacadh sa bhailiúchán, déan teagmháil liom ag
01 4757401, 086 3649776 nó [email protected] chomh luath agus is féidir
chun an scéal a phlé.

*********

Conradh na Gaeilge invites you to support our National Collection
which will be held all around the country on 16-18 March 2009.

It is a wonderful opportunity to collect money for your local club &
for the Irish language around the country.  You will be entitled to
keep 50% of the amount collected and the other 50% will go towards
Conradh na Gaeilge’s Language Fund.  We have received authority from
the Garda Síochána which will allow collections in public places.   We
will provide a free basic collection package (with stickers & posters)
for you.

Conradh na Gaeilge has branches all over Ireland, but we will welcome
help from GAA clubs in any area that a branch has not already planned
a collection.  If you are interested in taking part in the collection,
contact me at 01 4757401, 086 3649776 or [email protected] as soon as
possible to discuss your participation.

Le gach dea-ghuí,

Tara Ní Dhuinn