Baile Buadáin Naomh Éanna le Gaeilge 2020 – 23

Móraidhmeanna an Phlean

*An Ghaeilge a chur chun cinn sa chlub         *Úsáid na Gaeilge a éascú agus a spreagadh sa chlub

Cuireadh ón gCathaoirleach páirt a ghlacadh i mBaile Buadáin le Gaeilge 2020

An bhfuil suim agat sa Ghaeilge? Ar mhaith leat an Ghaeilge a chur chun cinn agus í a dhéanamh níos feiceáilí agus níos so-chloiste timpeall Bhaile Buadáin sa bhliain 2020?

Tá muid ag cruthú ghrúpa a bheadh báúil don teanga agus a bheadh sásta páirt a ghlacadh in imeachtaí éagsúla len í a chothú sa chlub.

Anuas ar sin, ba mhaith linn cur isteach ar Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha agus meithleacha beaga a chruthú leis na rudaí cuí a chur i bhfeidhm i mbliana.

Má tá suim agat a bheith páirteach sna himeachtaí seo, seol ríomhphost le d’uimhir ghutháin chugam ag [email protected]

Ciarán Mac Uidhir, Cathaoirleach, 31 Eanáir 2020.

Meitheal Oibre

Tionóladh an chéad chruinniú de Mheitheal Oibre BBNÉ le Gaeilge 2020  ar 23 Eanáir 2020.

Ag an gcéad chruinniú, dúirt an aoi speisialta Mícheál Ó Muircheartaigh: “Tá ardmholadh ag dul go Baile Buadáin as an bhfeachtas seo a thosú. Is mór an rud é an cultúr agus an teanga  a chur chun cinn mar chuid de Chumann Lúthchleas Gael.”

Le blianta beaga anuas bhí an-obair déanta ag Seán O’ Connor chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa chlub. Anois tá Meitheal Oibre bailithe le chéile chun an obair sin a leathnú agus a chur chun cinn. Tá an Meitheal ag súil go mór dul i mbun oibre chun an plean a chur i gcrích. Chomh maith leis sin, tionóladh Meitheal Oibre na nÓg chun tacú leis an obair.  Seolfar an plean BBNÉ le Gaeilge 2020   i Mí na Márta.

Físeáin Scileanna

Calling all páistí! An bhfuil sibh ag tnúth le bheith ar ais ag traenáil? Bígí ag cleachtadh. Can you take on Avril and Bronagh’s challenge?

Tá trí lá fágtha, beidh sibh ar ais ar an bpáirc go luath.
Lean Síle agus bain triail as an bpuc fada!

Calling all páistí! An bhfuil sceitimíní oraibh? Lean Ceara agus Tomás agus an madra gleoite! Bain triail as na scileanna.

Calling all páistí! Nach bhfuil sé ar fheabhas a bheith ar ais ag traenáil le do chairde. Keep practising at home, lean Doireann agus bain triail as an bpas láimhe.

 

Mná Buadáin Abú

Má bhíonn tú ag siúl in aice an chlub na laethanta seo, feicfidh tú brat álainn nua ‘Mná Buadáin Abú’ ar foluain sa ghaoth. Chruthaigh Mia O’ Connell an brat mar chuid de chomórtas ealaíne do na cailíní. Imríonn Mia camógaíocht agus peil le Baile Buadáin faoi stiúir Rachel Clancy.

Freastlaíonn Mia ar Scoil Colmcille Naofa, agus Miss Walsh mar mhúinteoir aici i rang a ceathair. Tá deartháir amháin ag Mia, Dáire, a imríonn Go Games faoi 9 le Baile Buadáin. Ba rinceoir Gaelach ana mhaith í máthair Mia, Adrienne. D’imir deirfiúr Adrienne, Audrey Cramer leis an gclub chomh maith. D’imir athair Mia, Paddy le Baile Buadáin agus Coláiste Éanna agus é óg. Is col ceathrar é Paddy le Danny O’Connell.

Bhí an-bhaint ag seanathair Mia, Ailbe O’ Connell, leis an Tipperary Supporters Club. Fuair Ailbe bás i rith na bliana, ach bheadh sé ana bhródúil as Mia, cé go raibh sé ina bhall de St Judes!

Ní nach ionadh ansin go leanann Mia Tiobraid Árann, maraon le Baile Átha Cliath. Is iad na himreoirí is fearr léi ná Carla Rowe agus Orlagh O’Dwyer.

Chomh maith leis an bpeil agus leis an gcamógaíocht, tá an-suim ag Mia sa snámh, sa ghleacaíocht, san ealaín agus sa bhailé. Cloisim go dtaitníonn carbonara agus barbeque ribs léi. Nuair nach mbíonn sí ag imirt spóirt, is aoibhinn léi féachaint ar chláracha DIY ar an TV.

Comhghairdeas Mia arís as an mbrat álainn. Tá Baile Buadáin Naomh Éanna ana bhródúil asat. C-D Dáire, Adrienne, Mia agus Paddy O’Connell

Peil na mBan agus Camógaíocht á chleachtadh ag an bhfoireann míonúir – Aibreán 2021

Buíochas le Kieran Rudden, na cailíní agus One Good Club. Scileanna iontacha á léiriú acu go léir!

Aibreán 2021 – One Good Club

Éist le Hannah ag léamh na téármaí anseo…

Cúig Cheist ar…

Leabhrán 

Seo leabhrán deas ón chúrsa Amhránáoícht le Iseult 2020