Tionóladh an chéad chruinniú de Mheitheal Oibre BBNÉ le Gaeilge 2020 ar 23 Eanáir.

Ag an gcéad chruinniú, dúirt an aoi speisialta Micheál Ó Muircheartaigh: ” Tá ardmholadh ag dul go Baile Buadáin as an bhfeachtas seo a thosú. Is mór an rud é an cultúr agus an teanga a chur chun cinn mar chuid de Chumann Lúthchleas Gael”

Le blianta beaga anuas bhí an-obair déanta ag Sean O’Connor chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa Chlub. Anois tá Meitheal Oibre bailithe le chéile chun an obair sin a leathnú agus a chur chun cinn. Tá an Meitheal ag súil go mór dul i mbun oibre chun an plean a chur i gcrích. Chomh maith leis sin, tionóladh Meitheal Oibre na nÓg chun tacú leis an obair.

Seolfar an plean BBNÉ le Gaeilge 2020 i Mí na Márta.