Agallamh le Shane Durkin.
Chuir Séamie Ó Néill Shane faoi agallamh le déanaí  do Nuachtlitir Bhaile Buadáin Naomh Éanna

SÓN:  Cé mhéid bliain atá tú ar phainéal shinsear Bhaile Átha Cliath anois?
SD: Cúig bliana
SÓN: Cé mhéid lá sa tseachtain a bhíonn tú ag traenáil leis na Dubs?
SD: Cúig lá sa tseachtain
SÓN: Cloisim go raibh tú ag cabhrú le foireann faoi aois sa chlub anuraidh. Cén fhoireann a bhí i gceist?
SD: Foireann iomána faoi deich
SÓN: An bhfuil aon imreoirí acu a imreoidh do Bhaile Átha Cliath amach anseo, dar leat?
SD: Tá a lán páistí ann leis an gcumas imirt do BÁC.
SÓN: Cén áit ar an bpáirc is fearr leat?
SD: Uimhir a 7
SÓN:  Cé hé an t-imreoir is sciliúla ar fhoireann Bhaile Átha Cliath faoi láthair?
SD: Gary Maguire
SÓN:  Cé hé an t-imreoir is tapúla ar fhoireann Bhaile Átha Cliath faoi láthair?
SD: Peter Kelly
SÓN:  Agus an t-imreoir is moille?
SD: Gary Maguire
SÓN:  Cé hé an t-imreoir is láidre sa Gym ar fhoireann Bhaile Átha Cliath faoi láthair?
SD: Liam Rushe
SÓN:  Dar leat, cé hé an t-imreoir is fearr sa chlub nár imir riamh le Baile Átha Cliath?
SD: Stephen O Connor
SÓN: Agus tú ag fás suas, ainmnigh an bainisteoir is fearr a bhí agat?
SD: Bhí a lán cinn maithe agam. Bhí an t-ádh liom i ndáiríre.
SÓN: Cá raibh tú ar scoil?
SD: St. Colmcilles Knocklyon
SÓN: An mbeadh suim agat BBSE a bhainistiú amach anseo?
SD:  Bheadh an-suim agam cinnte.
SÓN: Cén sort bia is fearr leat?
SD: Sicín
SÓN: Cén clár teilifíse is fearr leat?
SD: Love/Hate
SÓN: Cén scannán is fearr leat?
SD: Gladiator
SÓN: An leabhar is fearr leat?
SD: The Secret Race
SÓN: An bhfuil aon chaitheamh aimsire eile agat?
SD: Galf
SÓN: Cén post atá agat?
SD: Mac Léinn
SÓN: Cá gceannaíonn tú do chuid camán?
SD: Cill Cheannaigh
SÓN: Cé a dheisíonn do chuid camán duit?
SD: John Cummins ó BBSE
SÓN: An dtaitníonn na camáin nua fibreglass leat?
SD: Ní thaitníonn siad liom. Is fearr liom an t-adhmad.
SÓN: Aon chomhairle do na h-imreoirí óga sa chlub?
SD: Bain sult as Iomanaíocht agus Peil Ghaelach.
SÓN: An bhfuil aon ‘superstitions’ agat agus tú ag dul amach ar an bpáirc?
SD: Níl
SÓN: Taobh amuigh de Bhaile átha Cliath, cén fhoireann a bhuafaidh Craobh na hÉireann san iomáint i 2013 dar leat?
SD: Tiobraid Árann
SÓN: D’éirigh go maith le BBSE san iomáint le blianta beaga anuas agus bhuaigh sibh 5 chraobh an chontae as a chéile. Conas ar tharla sé sin, dar leatsa?
SD:  Obair chrua agus dúthracht
SÓN: Go raibh maith agat, Shane agus go n-éirí go geal leat ar na páirceanna imeartha i 2013.