Strictly

Congratulations to everyone involved in last Friday night’s ‘Strictly Dancing’, it was a fantastic night

of great entertainment and great craic. Thanks to all those who supported the event and special

mention goes to all the dancers and in particular Darby & Roisin for coming out winners despite

fierce competition!

Weekend round up

Our Minor A & B footballers began their league campaigns on Sunday morning in what can only

be described as horrible conditions. Our A team faced St.Vincents in Pairc Ui Mhurchu running

out comfortable winners by 4-10 to 1-05 while our B team lost out to St.OP/ER in Ballycullen

by 5-04 to 2-05.

Reports below.

Minor A’s enjoy good win over St.Vincents – report below

Sraith Peile: Míonúr A Márta 2 2014

BBSE 4-10; Vincents 1-5

Bhí farasbarr ceithre cúilín déag ag Baile Buadáin Naomh Éanna thar Chumann  CLG Naomh Uinseann sa chéad chluiche sa tSraith Míonúr A Peile i bPáirc Uí Mhurchú Dé Domhnaigh seo caite. Cé go raibh bua éasca acu sa deireadh, thosaigh BBSE go mall agus bhí cúl faighte ag Vincents taobh istigh de chúig nóiméad. Ach ón am a fuair Harry Coffey an chéad scór, cúilín lena dhorn, d’éirigh le BBSE an lámh in uachtar a fháil ar an gcluiche. Tháinig Rossa Mcgrath den pháirc leath shlí tríd an chéad leath tar éis a ghlúin a ghortú ach rinne an fear ionaid , Stephan Ward sár-jab mar leath chúlaí i lár.

D’oibrigh BBSE go dian chun an liathróid a choiméad agus d’éirigh le Colm Basquel  cúl foirne a  ghnothú tar éis obair ghleoite ó Adam Carney agus Dara Langan. Rinne Barra McGarry ruathar aonair chun cúl eile a fháil 10 nóiméad roimh leathama. D’fhág cúilín ó Adam Carney agus trí cinn de chúilíní ó Cholm Basquel an scór ag leatham BBSE 2-5; Vincents 1-4.

D’imigh an aimsir i ndonas sa dara leath ach chuaigh BBSE i bhfeabhas. Fuair Adam Carney cúl an chluiche tar pas álainn a fháil  ó Cholm Basquel. Níorbh fhada go raibh an dara cúl faighte ag Carney agus an cluiche thart mar chomórtas.

Sna cosantóirí, d’imir Dara McGuire cluiche ciallmhar, láidir agus fuair sé ana thacaíocht ó Chian Mellett . B’é seo an tríú cluiche a d’imir Shane Clayton i dtrí lá, ach ní raibh aon chuma ann go raibh tuirse air. Is beag a bhí le déanamh ag Jack Mahon idir na cuaillí, ach d’éirigh go hiontach  lena chuid chiceanna amach.

Sna tosaithe, rinne Basquel agus Carney scrios ar Vincents and fuaireadar 3-8 idir an bheirt acu. Chuir Brian Bobbett agus Harry Coffey an-obair isteach agus níor stadadar den rith ar feadh an lae. Tháinig James O’Connor isteach sa dara leath ach níorbh fhada go bhfuair sé bata is bóthar ar chárta dubh ón réiteoir.

Cé go ndearna BBSE ana chuid botún ar an lá, caithfidh go bhfuil Liam Deane (bainisteoir) agus Ciarán Doyle (traenálaí) ana shásta leis an gcéad cluiche sa tsraith. Ghortaigh Rian Cannon a chos díreach roimh an gcluiche, ach tá súil againn go mbeidh sé réidh don chéad chluiche eile.

Scórálaithe BBSE: Colm Basquel 2-6; Adam Carney 2-2; Barra McGarry 1-1; Harry Coffey 0-1

P.S. Go n-éirí go geal le Oisín Ó Dúill agus é ag imirt le Coláiste Eoin i gCraobh Laighean Peil na gColáistí i gcoinne Marist, Áth Luain, i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn seo chugainn.

Football fixtures – This weekend our Seniors and Inters look to bounce back from defeats in

their last outings while our Junior teams look to continue their form after good wins in their

first league games.

See poster for full details and as always check the website for any changes.