Léacht Chuimhneacháin Éirí Amach na Cásca

Ba mhór an onóir duinn gur ghlac Diarmaid Ferriter, stairí, go fonnmhat lenár gcuireadh teacht chuig ár gClub, chun labhairt faoi Éirí Amach na Cásca.

Tháinig sé Deardaoin an 7ú lá d’Aibreán agus a athair uasal Nollaig ina theanta. D’fháiltíomar rompu le díograis mar bhíomar ag tnúth go mór leis an ócáid. Labhair Diarmaid go húdarásach faoin Éirí Amach, ar na fórsaí a tháinig le chéile roimhe agus ina dhiaidh. Shní sé go heolasach na snátha éagsúla ó gach aon taobh le scil. Chloisfeá ribe gruaige ag titim ar an úrlár. Bhí an slua mór faoi dhraíocht aige, bhí a chaint chomh soiléir, suimiúil, spéisiúil agus spreagúil. Bhí dhá chéad daichead péire súl agus cluas dírithe ar an bhfear ard caol.

Nuair a chríochnaigh sé sheas an slua mar chomplacht airm is d’aon ghuth léirigh said a sástacht agus a meas ar a chuala said. Ní dhéanfaidh a raibh i láthair dearmad ar an oíche seo.

Buíochas do ghach duine a tháinig, do Nollaig a thug barróg dá mhac, do Bhreandán,baill ó Dhia air, Cathaoirleach an Chlub, do Shéan Ó Ciardhubháin, cathaoirleach ábalta an Cnoiste Chomórtha, do Ghearóid Ó Súilleabháin, fearan tí a stiúraigh gnó na hóiche go paiteanta, do Seán Ó Conchúir rúnaí an choiste, do Thomás Ó Reachtabhra, a chuir an oíche le chéile, do Mhick an Bainisteoir a chabhraigh go mór linn, do Khen Giles a chruthaigh an nasc leis an teilifís sa bhar, do Sheán is Mick a chruthaigh cúlra an stáitse. Buíochas speisialta do ghach aon ball don Choiste Comórtha, gan iad ní bheadh aon bheart.

Arís táimíd fíorbhuíoch do Dhiarmaid Ferriter, go mairfidh tú is d’athair an céad.