Oíche Stairiúil sa Chlub:

 

Bhí tráthnóna iontach stairiúil againn i mBaile Uí Bhuadáin aréir(an Luan 25ú Bealtaine).Bhí cluiche peile na mBan ann idir Na Gaeil Óga agus cailíní Baile Uí Bhuadáin.Don gcéad uair riamh eagraíoch gach rud trí ghaeilge. Cuireadh dhá fhoireann le chéile a raibh fonn orthu an Ghaeilge a úsáid.B’iontach a bheith ann ag éisteacht leo á ngríosadh féin, á moladh féin, ag béicigh ar a chéile agus ag tabhairt amach dona chéile trí ghaeilge.

Gan amhras bhí sár chluiche peile ann freisin. D’imir an dá fhoireann le fonn is le díoghras. Ba dheas féachaint ar an gcó-imirt agus an sníomh iontach idir na peileadóirí agus iad ag ionsaí.Gan bacúint leis an gcosaint cróga ó am go céile.Dimir Róisín Ní Riain , ag fáil trí chúilín, agus Teresa Ní Monacháin, a fuair ceithre chúilín, sár chluiche don bhfuireann baile. D’imir Áine Ní Ghealachóir agus Sinéad Nic Eochagáin, a fuair cúl agus cúpla cúilín ana chluiche dos Na Gaeil Óga.

Bhain an slua a bhí i láthair sár thaithneamh as an gcluiche.Deirtear gur chríochnaigh sé ar có-scór, só b’fhéidir go mbeidh lá eile ag an bpaorach.

Gabhaimíd buiochas le Seamaí Ó Neill agus le Seán Mistéil a d’eagraigh an ocáid dúinn. Gura maith agat freisin le Cliona Mellett as na pictiúirí a sholáthar.

Níor chríochnaigh an sport ansan mar tar éis cupán tae agus ceapaire bhí oíche mór amhráin,ceol agus rinnce againn sa chlub le Joe Johnson agus a chairde. Ba bhríomhar an rince a rinne Katie Farrell. Cé gur muintir na háite is mó a bhí ar an ardán, sheinm Seamus Tansey cúpla port álainn duinn freisin.