Anois, mar fhoireann bainistíochta, tá coicís againn ár n-imreoirí a ullmhú le haghaidh cluiche ceannais iomána an chontae in aghaidh Cuala. Dhá bhliain ó shin bhí na dathanna gorm agus bán le feiceáil ar shráideanna agus ar shiopaí an cheantair agus an pobal ina iomláine ag tabhairt spreagadh don fhoireann le linn laethanta órga 2018. De bharr srianta Covid-19, beidh sé níos deacra in 2020 an nasc sin idir an lucht leanúna, an club agus na teaghlaigh a chruthú ach iarraim ar gach ball den chlub i mBaile Buadáin bhur ndícheall a dhéanamh agus tacaíocht a thabhairt dúinn craobh sinsir Bhaile Átha Cliath a thabhairt ar ais go PÚM. Agus iad ag imirt ar son an chlub léiríonn imreoirí na foirne seo ónóir, dínit agus meas, chomh maith le bród agus paisean a chuirfeadh scanradh ort. Tá sibh uilig de dhíth orainn. Tá na teaghlaigh de dhíth orainn mar is gnách. Beidh an tacaíocht sin ó Bhaile Buadáin de dhíth orainn. Mo bhuíochas ó chroí libh as na teachtaireachtaí a sheol sibh agus as an gcineáltas a léirigh sibh suas go dtí seo. Is mór againn an tacaíocht sin. Muid go léir le chéile.